Salm 46:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.

2. Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é:is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.

3. Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamhagus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,

4. fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh 's ag fiuchadh,agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta.[Tá Tiarna na Slua inar bhfochair:is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah

Salm 46