Salm 45:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeachar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.

5. [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.

6. Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

7. Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

8. Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

9. Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

10. Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

Salm 45