Salm 45:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huileagus doirteadh an grásta amach ar do bheolatoisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.

4. Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeachar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.

5. [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.

6. Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

7. Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

8. Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

9. Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

10. Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

Salm 45