2. Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinnna hoibreacha a rinne tú fadó,na héachtaí a rinne tú lena linn.
3. Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinngur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.
4. Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamhníorbh é a gcuisle féin a shaor iadach do dheaslámh féin is do chuisleagus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.
5. Is tú mo rí agus mo Dhiaa thug barr agus bua do Iacób.
6. Is tríotsa a chloíomar ár naimhdegur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d'ainm.
7. Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,
8. ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinnagus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.
9. Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamhagus ag tabhairt moladh do d'ainm de shíor. Selah
10. Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúilagus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
11. Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhdeagus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.
12. Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe.Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.
13. Dhíol tú do phobal in aisce,agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.
14. Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,
15. ceap aithise i mbéal na gciníochaagus ceap magaidh i measc na náisiún.
16. Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíoragus luisne na náire i mo leiceann
17. de bharr ghlór an scigire agus an sciolladórade dheasca an namhad agus an díoltasaí.