Salm 44:13-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Dhíol tú do phobal in aisce,agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.

14. Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,

15. ceap aithise i mbéal na gciníochaagus ceap magaidh i measc na náisiún.

16. Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíoragus luisne na náire i mo leiceann

17. de bharr ghlór an scigire agus an sciolladórade dheasca an namhad agus an díoltasaí.

18. Tháinig na nithe seo uile orainn anuassiúd is nach ndearnamar dearmad ort,is nach rabhamar mídhílis do do chonradh

19. ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,

20. bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinnagus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.

21. Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDénó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,

22. nach mbeadh a fhios sin ag Dia?Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.

23. Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an laeagus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.

24. Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna?Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!

25. Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainnagus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?

26. Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreachagus buaileadh ár gcorp ar an talamh.

27. Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linnagus fuascail sinn as ucht do thrócaire.

Salm 44