Salm 42:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

2. Faoi mar a shantaíonn an eilitna sruthanna uisceis amhlaidh a shantaíonn m'anamthusa, a Dhia.

3. Tá cíocras chun Dé ar m'anamchun Dé bheo;cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mégnúis mo Dhé.

4. Is iad mo dheora is bia domde lá agus d'oíchenuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:“Cá bhfuil do Dhia?”

5. Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamhnuair a chuirim mo racht díom:mar a ghluaisinn i dtosach an tsluaag triall ar theach Dé dom,le gártha gairdis agus moltai ndáil fleá agus féile.

6. Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

7. Tá m'anam go buartha istigh ionam,is ort a bhím ag cuimhneamhó thír na Iordáine, ó Hearmón,agus fós ó Shliabh Mizeár.

Salm 42