Salm 39:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus gabhann an duine seacha mar scáil.Gal gaoithe a shaibhreas go léir;ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.

8. Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?is ionat atá mo dhóchas ar fad.

9. Saor mé ó mo chionta go léir,ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

10. Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéalde bhrí gur tusa faoi deara é.

11. Tóg uaim anois do sciúirse;tá mé cloíte ag buillí do láimhe.

12. An uair a smachtaíonn tú an duinele hachasán i ngeall ar a pheacaleánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;níl in aon neach ar bith ach puth anála.

13. Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna,ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsai m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.

Salm 39