Salm 37:34-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Fan leis an Tiarna; bí dílis dóagus tabharfaidh sé ardú céime duit,go mbronnfaidh ort seilbh na talún;agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.

35. Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreachina sheasamh amhail céadras na Liobáine.

36. Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe;chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.

37. Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic,óir beidh sliocht ag fear na síochána;

38. ach dísceofar na peacaigh uile le chéile;déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh.

39. Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan,is é a ndídean é in am na trioblóide.

40. Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt;sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidighde bhrí gurb ann atá a ndóchas.

Salm 37