10. Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuineFéach a ionad! ní ann dó feasta.
11. Ach beidh seilbh an talaimh ag na híslebeidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.
12. Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin:baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
13. Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi,óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
14. Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.
15. Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féinagus brisfear a mbogha ina bhloghanna.
16. Is fearr an beagán atá ag an bhfíréanná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;
17. óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeachagus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.
18. Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach,agus mairfidh a n‑oidhreacht go brách.
19. Ní thabharfar a náire in am na tubaiste,agus líonfar iad in am an ghorta.
20. Rachaidh na héagráifigh go léir ar cealmar aon le naimhde an Tiarna.Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaireagus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.
21. Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht,ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil.
22. Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna,ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.
23. Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duineagus déanann slí an té is geal leis sábháilte.
24. Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é,ós é an Tiarna é féin a thaca.
25. Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta,ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigeanná a shliocht ag iarraidh a gcoda.
26. Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh,agus beannófar a shliocht dá éis.
27. Seachain an t‑olc, déan an mhaithagus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.
28. Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantachtagus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.Déanfar lucht na héagóra a dhíothúagus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
29. Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimhagus mairfidh siad ann go brách.
30. Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagnaagus canann a theanga an ceart;