Salm 35:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Salm le] Dáiví. 1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.

2. Gabh chugat do sciath agus do lúireach,agus éirigh do mo chúnamh.

3. Beartaigh an ga agus [an tsleá]in aghaidh lucht mo thóraíochta.Abair le m'anam, a Thiarna:“Is mise do shlánú.”

4. Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dreamatá ar tí mo mharaithe.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirelucht beartaithe oilc i m'aghaidh.

5. Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthuamhail cáith roimh an ngaoth;

6. go raibh a slí go sleamhain dúdhorchaagus aingeal Dé ar a dtí.

7. Leathadar a líon dom gan chúis:rinneadar uaigh dom gan ábhar.

8. Go dtaga orthu díothú gan choinne;go gceaptar iad féinsa líon a chuir siad i bhfolach romham.Go dtite siad sa chlais.

9. Déanfaidh m'anamsa lúcháir sa Tiarna:déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.

10. Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:“Cé is cosúil leat, a Thiarna,an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,an duine dealbh ón tíoránach?”

11. Éiríonn finnéithe bréige i m'éadando mo cheistiú ach mé aineolach.

12. Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom:tá m'anam go brónach.

13. Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;chiapas m'anam le troscadh.Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn

Salm 35