Salm 32:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir gach uile lá agus oícheba throm orm do lámh.Go deimhin, bhí mo neart á thrámar a bheadh le teas an tsamhraidh.

5. Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duitagus níor cheil mé m'urchóid.Dúirt mé: “Admhóidh mé anoismo choir don Tiarna.”Agus thug tú maithiúnas dom ansin:mhaith tú mo pheaca dom.

6. Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,in am an éigin.Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móraní thiocfaidh siad i ngar dó.

7. Is tú m'áit fholaigh, a Thiarna,do m'fhuascailt ó m'anacair;cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.

8. Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh méan tslí is triallta duit.Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit;coimeádfaidh mé súil ort.

9. Ná bígí mar an each ná an mhiúil,gan chiall gan tuiscint.Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iadní thiocfaidh siad i do chóngar.

10. Is líonmhar iad dóláis na n‑éagráifeach,ach tá trocaire agus gráag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.

11. Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,a fhíréana uile.Déanaigí aoibhneas agus áthasa lucht an chroí dhírigh.

Salm 32