1. Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.
2. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú méagus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
3. D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna,agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
4. Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna,shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
5. A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
6. Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;ach maireann a chineáltas ó aois go bás.Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
7. Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8. Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.