Salm 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm.

2. A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!

3. Is iomaí duine a deir mar gheall orm:“Níl slánú ar bith dó i nDia.”

4. Ach is tú, a Thiarna, mo sciath;mo ghlóir a thógann mo cheann.

5. Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ardtugann sé freagra orm óna shliabh naofa.

6. Chuaigh mé a luí agus chodail mé;agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.

7. Ní eagal liom na mílte daoineatá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Salm 3