Salm 29:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:

8. croitheann glór an Tiarna an fásach,cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.

9. Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh,agus fágann sé an choill gan duilliúr,agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.

10. Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann.Tá an Tiarna ina rí go brách.

11. Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal;beannóidh sé a phobal le síocháin.

Salm 29