Salm 29:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm le Dáiví 1 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé,tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!

2. Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.

3. Tá glór an Tiarna ar an uisce,tá Dia na glóire ag toirneach,tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.

4. Tá glór an Tiarna go cumasach,tá glór an Tiarna go maorga.

Salm 29