Salm 25:9-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantachtagus múineann a shlí don duine cneasta.

10. Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarnadá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.

11. Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna,maith dom mo pheaca, óir is mór é.

12. Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna?Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.

13. Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonasagus gheobhaidh a shliocht an talamh.

14. Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaitheagus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

15. Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíoróir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.

16. Iompaigh i leith orm le trócaire,óir táimse i m'aonarán angarach.

17. Tabhair faoiseamh don chroí atá cráiteagus beir mé slán ón anacair.

18. Tabhair do d'aire mo bhrón is mo bhuairtagus maith dom mo pheacaí go léir.

19. Féach a líonmhaire atá mo naimhde,a bhfuil fuath thar fóir acu dom.

20. Déan m'anam a chosaint, agus fuascail mé;nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort.

21. Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé,óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.

22. A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir!

Salm 25