1. Le Dáiví. 1 Is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna:
2. Is ionat a chuirim mo dhóchas,nár dhéantar mo náiriú, a Dhia;ná maíodh mo naimhde a mbua orm.
3. Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionatach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.
4. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,agus déan do chosáin a mhúineadh dom.
5. Déan mo threorú i d'fhírinne, tabhair teagasc dom,óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir.Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae
6. Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaireagus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh.
7. Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.
8. Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna,taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
9. Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantachtagus múineann a shlí don duine cneasta.
10. Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarnadá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.
11. Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna,maith dom mo pheaca, óir is mór é.
12. Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna?Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.
13. Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonasagus gheobhaidh a shliocht an talamh.
14. Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaitheagus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.
15. Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíoróir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.
16. Iompaigh i leith orm le trócaire,óir táimse i m'aonarán angarach.
17. Tabhair faoiseamh don chroí atá cráiteagus beir mé slán ón anacair.
18. Tabhair do d'aire mo bhrón is mo bhuairtagus maith dom mo pheacaí go léir.