1. Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire,an domhan ar fad agus a maireann ann.
2. Is é féin a bhunaigh ar an aigéan éagus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
3. Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna?Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?
4. An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige:an té ar beag air nithe gan tairbheagus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
5. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sinagus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.
6. A leithéid sin a bhíonn á lorg:a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.
7. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!
8. Cé hé an Rí seo na glóire?An Tiarna atá láidir, tréan;an Tiarna atá tréan i gcogadh.
9. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!