1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.
2. A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
3. Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.
4. Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,agus tú i d'ábhar molta ag Iosrael.
5. Ionatsa a chuir ár n‑aithreacha a ndóchas:bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.
6. Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.
7. Péist is ea mise; ní duine mé:táim i mo sceith béil ag na daoineagus i m'ábhar aithise ag an bpobal.
8. Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:croitheann siad a gceann agus pus orthu:
9. “Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
10. Is tú a thug amach as an mbroinn méagus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar.
11. Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.
12. Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.