Salm 21:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.

7. Rinne tú ábhar beannachta go brách de;cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.

8. Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.

9. Béarfaidh do lámh ar d'eascairde go léir:béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.

10. Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thinean uair a thaibhseoidh do ghnúis.Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,agus déanfaidh an tine a slogadh.

11. Scriosfaidh tú a sliocht den talamhagus a gclann as líon na ndaoine.

12. Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinnenó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,

13. Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthuagus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.

14. Éirigh, a Thiarna, i do neart:canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.

Salm 21