1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2. Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna,cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!
3. Thug tú mian a chroí go deimhin dó,is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.
4. Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe,agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
5. D'iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol aira mhairfidh go brách ó aois go haois.
6. Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.
7. Rinne tú ábhar beannachta go brách de;cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.
8. Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.
9. Béarfaidh do lámh ar d'eascairde go léir:béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.
10. Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thinean uair a thaibhseoidh do ghnúis.Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,agus déanfaidh an tine a slogadh.
11. Scriosfaidh tú a sliocht den talamhagus a gclann as líon na ndaoine.
12. Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinnenó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
13. Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthuagus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.