1. Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadhagus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?
2. Éiríonn ríthe na cruinne,agus déanann na flatha comhcheilg le chéilein éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
3. “Réabaimis ó chéile a gcuibhreachaagus caithimis uainn a ngeimhle!”
4. An té atá ar neamh, déanann sé gáire:déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
5. Labhraíonn sé ansin leo go feargach;cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:
6. “Chuir mise mo rí féin i réimeasar Shíón, ar mo shliabh naofa.”
7. Foilseoidh mé reacht an Tiarna.“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,“inniu is ea a ghin mé thú.
8. Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duitagus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
9. Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”
10. Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.