7. Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,agus d'iarr mé cúnamh ar mo DhiaChuala sé mo ghlór ina theampall,agus ráinig mo ghlao a chluasa.
8. Chrith an talamh agus suaitheadh éagus corraíodh fothaí na sléibhtetoisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.
9. D'éirigh deatach as polláirí a shróine,agus tine dheargloiscneach as a bhéal,ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.
10. D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,agus néal dubh dorcha faoina chosa.