Salm 18:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:

2. Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,

3. mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.

4. Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.

5. Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeallagus scanraigh tuilte na hurchóide mé.

6. Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.

7. Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,agus d'iarr mé cúnamh ar mo DhiaChuala sé mo ghlór ina theampall,agus ráinig mo ghlao a chluasa.

Salm 18