Salm 15:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm le Dáiví.A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth?Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?

2. An té a shiúlann gan cháim;an té a dhéanann fíréantachtagus a labhraíonn go díreach óna chroí;

3. an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga;an té nach ndéanann olc dá chomharsais nach dtugann masla don duine thall;

4. an té ar beag aige an drochdhuineagus ar mór aige lucht eagla an Tiarna;an té nach ngabhann siar ar a bhriatharbíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;

Salm 15