Salm 146:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,ná sa duine trí nach dtagann slánú.

4. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chréagus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

5. Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,

6. an té a rinne neamh agus talamh,an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.An té a sheasann lena bhriathar de shíor;

7. agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.Is é a thugann bia don ocrach.Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.

8. Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;

Salm 146