Salm 145:19-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

20. Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.

21. Go gcana mo bhéal moladh an Tiarnaagus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;go brách agus go síoraí suthain.

Salm 145