Salm 141:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna;bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.

4. Ná claon mo chroí chun oilc ar bithná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide;nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.

5. Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é;má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é.Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí,bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.

6. Caithfear a mbreithiúna go léir le haill;beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.

7. Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh,scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.

8. Ortsa, a Thiarna, a Dhia liom, atá mo shúile;ortsa atá mo thriall, ná fág m'anam gan dídean.

9. Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham;saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide.

Salm 141