Salm 14:3-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanann an mhaith:níl oiread is duine.

4. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

5. Beidh an dream sin ar crith le heagla,óir tá Dia leis an bhfíréan.

6. Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh,ach is é an Tiarna a dhídean.

7. Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal,beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

Salm 14