Salm 139:16-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Chonaic do shúile mo ghníomhartha;óir scríobhadh iad uile i do leabhar;agus cinneadh dom mo laethanta go léir,sular tháinig ceann amháin acu ann.

17. Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n‑áireamh;

18. ní lia gaineamh na trá ná iad;dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.

19. Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;is mairg nach n‑imíonn uaim fir na fola.

20. Óir déanann siad ceannairc i d'aghaidh go fealltach;agus tugann do naimhde mionna éithigh.

21. Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;nach déistin liom a n‑éiríonn i d'éadan?

22. Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;dar liomsa is deargnaimhde dom iad.

23. Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.

24. Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Salm 139