1. Alleluia.Molaigí ainm an Tiarna;molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,
2. a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna,i gcúirteanna áras ár nDé.
3. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna;canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;
4. Óir roghnaigh an Tiarna Iacób,agus Iosrael ina sheilbh dó féin.
5. Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.
6. Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,ar muir agus in íochtar na farraige.
7. Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;déanann sé fearthainn le saighneáin tine;tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.