Salm 134:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna,a sheirbhíseacha uile an Tiarnaa bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna,i gcúirteanna theach ár nDé.

2. Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra;agus déanaigí an Tiarna a mholadh.

3. Go mbeannaí an Tiarna amach as Síón thú;is é a rinne neamh agus talamh.

Salm 134