Salm 13:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

2. Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé?Cá fhad a choinneoidh tú d'aghaidh i bhfolach orm?

3. Cá fhad a mhairfidh m'anam á bhuaireamhagus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae?Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?

4. Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom.Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,

5. sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm,sula ndéanfaidh m'eascairde lúcháir toisc gur thit mé.

Salm 13