Salm 12:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsale beola bladair is le croí calaoiseach.

4. Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach,gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;

5. gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart,linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”

6. “Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbochtéireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna.“Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”

7. Briathra glana iad briathra an Tiarna,airgead athleáite a scar le slaidhreadh,airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.

8. Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn:déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách. 8 Tá triall na n‑éagráifeach inár dtimpeall do gach leithagus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.

Salm 12