1. Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. Salm Dháiví.
2. Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil,tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.
3. Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsale beola bladair is le croí calaoiseach.
4. Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach,gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
5. gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart,linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”