Salm 119:96-108 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

96. Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht;ach gur fada fairsing í d'aithne.

97. A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.

98. Rinne d'aithne níos críonna ná m'eascairde mé;óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.

99. Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,toisc go machnaím ar d'fhorálacha.

100. Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;óir comhlíonaim do phroiceapta.

101. Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint,d'fhonn do bhriathra a choimeád.

102. Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta;ós tú a mhúin mé.

103. Is milse do bhriathra le mo charball;ná mil le mo bhéal.

104. Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta;is gráin liom gach drochshlí.

105. Is lóchrann do mo chosa do bhriathar;is solas do mo chosán é.

106. Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m'aigne,d'fhoraitheanta a choimeád.

107. Tá mé buartha go mór, a Thiarna;beoigh mé le do bhriathar.

108. Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna;agus múin dom d'fhoraitheanta.

Salm 119