Salm 119:57-61 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

57. Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuiddo bhriathra a choimeád.

58. Guím thú ó mo chroí go hiomlán:déan trócaire orm de réir mar gheall tú.

59. Rinne mé mo shlite a mheas,agus d'fhill mé ar d'fhorálacha.

60. Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill,chun d'aitheanta a chomhlíonadh.

61. Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;níor dhearmad mé do dhlí.

Salm 119