41. Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna,agus do chabhair de réir do ghealltanais.
42. Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte;toisc gur muinín liom do bhriathar.
43. Focal na fírinne ná bain as mo bhéal;cuirim mo dhóchas i d'fhoraitheanta.
44. Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor,go brách na breithe.
45. Siúlfaidh mé i slí na saoirse,mar táim ar lorg do theagaisc.
46. Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe;ní bheidh cotadh ar bith orm.
47. Is i d'aitheanta a bheidh mo thaitneamhós dóibh a thugaim grá.
48. Agus tógfaidh mé mo lámha chun d'aitheanta;déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna.
49. Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla;lenar thug tú dóchas dom.
50. Is é mo shólás le linn mo bhuartha,gurb é do bhriathar a bheoigh mé.
51. Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach:ach ní chlaonaim ó do dhlí.
52. Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna;agus tugann siad sólás dom.
53. Gabhann fearg mé de bharr na bpeacacha bhíonn ag tréigean do dhlí.
54. Bíonn do reachtanna ina n‑amhrán agam,in áit mo dheoraíochta.
55. Cuimhním ar d'ainm de shiúl oíche, a Thiarna;agus coimeádaim do dhlí.