Salm 119:25-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Tá m'anam ar lár sa luaithreach;athbheoigh mé le do bhriathar.

26. Mhínigh mé mo shlite, agus d'éist tú liom;múin do reachtanna dom.

27. Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt,agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.

28. Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin;tabhair misneach dom le do bhriathar.

29. Coinnigh mé ó shlí na hearráide,agus tabhair dom do dhlí.

30. Rinne mé rogha de shlí na fírinne;chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.

31. Bím ag cloí de shíor le d'fhorálacha;ná clis orm, a Thiarna.

32. Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta;nuair a cheansóidh tú mo chroí.

33. Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna;agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad.

34. Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadhagus a choimeád ó chroí.

35. Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta,óir is ann atá mo thaitneamh.

36. Claon mo chroí i leith d'fhorálacha;agus ná claon chun sainte é.

37. Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas;déan mo bheochan trí do shlíse.

38. Cuir le do ghealltanas do do ghiolla;le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.

39. Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom,óir is aoibhinn iad d'fhoraitheanta.

Salm 119