24. Óir is iad d'fhorálacha m'aoibhneas;is iad do reachtanna mo chomhairleoirí.
25. Tá m'anam ar lár sa luaithreach;athbheoigh mé le do bhriathar.
26. Mhínigh mé mo shlite, agus d'éist tú liom;múin do reachtanna dom.
27. Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt,agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.
28. Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin;tabhair misneach dom le do bhriathar.
29. Coinnigh mé ó shlí na hearráide,agus tabhair dom do dhlí.
30. Rinne mé rogha de shlí na fírinne;chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.
31. Bím ag cloí de shíor le d'fhorálacha;ná clis orm, a Thiarna.
32. Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta;nuair a cheansóidh tú mo chroí.
33. Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna;agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad.
34. Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadhagus a choimeád ó chroí.
35. Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta,óir is ann atá mo thaitneamh.
36. Claon mo chroí i leith d'fhorálacha;agus ná claon chun sainte é.
37. Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas;déan mo bheochan trí do shlíse.