157. Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;ní chlaonaim ó do phroiceapta.
158. Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,toisc nár choimeád siad do bhriathar.
159. Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna;coinnigh beo mé le do bhuanghrá.
160. Is í an bhuaine buaic do bhriathair;maireann do reachtanna go brách.
161. Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth;ach is eagal liom do bhriathra.
162. Déanaim gairdeas de bharr do bhriathairmar dhuine a fhaigheann creach.
163. Is fuath liom an t‑éitheach agus is gráin liom é;i aoibhinn liom do dhlí.
164. Seacht n‑uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duitas ucht do cheartbhreithiúnas.
165. Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú;ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.
166. Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna;agus comhlíonaim d'aitheanta.
167. Bíonn m'anam ag coimeád do fhorálacha;tugaim grá thar cuimse dóibh.
168. Coimeádaim do phroiceapta agus d'orduithe;bíonn mo shlite uile i d'fhianaise.
169. Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna;tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.
170. Go dtaga mo ghuí i do láthair;fuascail mé de réir d'fhocail.
171. Go dtuga mo bhruasa moladh duit;nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.
172. Go gcana mo theanga do bhriathar;óir is cóir iad d'aitheanta.
173. Go raibh do lámh i m'aice chun cuidiú liom;toisc gur thogh mé do theagasc.
174. Santaím do shlánú, a Thiarna;agus is aoibhinn liom do dhlí.
175. Go maire m'anam agus go mola sé thú;agus go gcabhraí do reachtanna liom.