Salm 119:150-169 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

150. Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,agus iad i bhfad ó do dhlí.

151. Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;agus is dílis iad d'aitheanta.

152. Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.

153. Féach ar m'angar agus fuascail métoisc nár dhearmad mé do dhlí.

154. Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé;déan mo bheochan le do bhriathar.

155. Is fada an slánú ó na peacaigh,toisc nach cúram leo d'fhoraitheanta.

156. Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna;beoigh mé de réir d'fhoraitheanta.

157. Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;ní chlaonaim ó do phroiceapta.

158. Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,toisc nár choimeád siad do bhriathar.

159. Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna;coinnigh beo mé le do bhuanghrá.

160. Is í an bhuaine buaic do bhriathair;maireann do reachtanna go brách.

161. Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth;ach is eagal liom do bhriathra.

162. Déanaim gairdeas de bharr do bhriathairmar dhuine a fhaigheann creach.

163. Is fuath liom an t‑éitheach agus is gráin liom é;i aoibhinn liom do dhlí.

164. Seacht n‑uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duitas ucht do cheartbhreithiúnas.

165. Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú;ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.

166. Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna;agus comhlíonaim d'aitheanta.

167. Bíonn m'anam ag coimeád do fhorálacha;tugaim grá thar cuimse dóibh.

168. Coimeádaim do phroiceapta agus d'orduithe;bíonn mo shlite uile i d'fhianaise.

169. Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna;tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.

Salm 119