Salm 119:136-153 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

136. Chaoin mé uisce mo chinntoisc nár coimeádadh do dhlí.

137. Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna;agus is ceart do bhreithiúnas.

138. Chuir tú d'fhorálacha i bhfeidhm go cóiragus go daingean diongbháilte.

139. Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.

140. Tástáladh do bhriathar go dearfaagus is geal le do ghiolla é.

141. Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;ní dhearmadaim do phroiceapta.

142. Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa;agus is daingean é do dhlí.

143. Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.

144. Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo;tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.

145. Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;coimeádfaidh mé do reachtanna.

146. Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;agus coinneoidh mé d'fhorálacha.

147. I moiche na maidine bím ag glaoch ort;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

148. Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.

149. Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá;beoigh mé de réir d'aithne.

150. Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,agus iad i bhfad ó do dhlí.

151. Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;agus is dílis iad d'aitheanta.

152. Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.

153. Féach ar m'angar agus fuascail métoisc nár dhearmad mé do dhlí.

Salm 119