Salm 119:116-129 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

116. Seas liom de réir d'fhocail agus mairfidh mé;ná teipeadh ar mo dhóchas.

117. Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé;coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.

118. Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna;toisc gur bréagach a mbeartas.

119. Is salachar leat peacaigh uile na cruinne;is uime a charaim d'fhorálacha.

120. Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;agus is eagal liom do reachtanna.

121. Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir;ná tabhair suas do lucht leatroim mé.

122. Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.

123. Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.

124. Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.

125. Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.

126. Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.

127. Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta,ná an t‑ór is mine.

128. Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,toisc gur fuath liom gach bréagshlí.

129. Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;is uime sin a choimeádaim iad.

Salm 119