Salm 119:111-120 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

111. Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách;cuireann siad áthas ar mo chroí.

112. Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadhgo beacht agus go brách.

113. Is fuath liom an teanga liom leat;ach is geal liom do dhlí.

114. Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

115. Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide;coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.

116. Seas liom de réir d'fhocail agus mairfidh mé;ná teipeadh ar mo dhóchas.

117. Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé;coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.

118. Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna;toisc gur bréagach a mbeartas.

119. Is salachar leat peacaigh uile na cruinne;is uime a charaim d'fhorálacha.

120. Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;agus is eagal liom do reachtanna.

Salm 119