Salm 119:105-109 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

105. Is lóchrann do mo chosa do bhriathar;is solas do mo chosán é.

106. Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m'aigne,d'fhoraitheanta a choimeád.

107. Tá mé buartha go mór, a Thiarna;beoigh mé le do bhriathar.

108. Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna;agus múin dom d'fhoraitheanta.

109. Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaíach ní dhearmadaim do dhlí.

Salm 119