Salm 116:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is ceansa an Tiarna agus is cóir;is trócaireach é ár nDia.

6. Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;bhí mé ar lár agus shaor sé mé.

7. Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.

8. Óir sciob sé m'anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.

9. Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;i bhfearann na mbeo.

Salm 116