Salm 113:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Alleluia.Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;molaigí ainm an Tiarna!

2. Moladh le hainm an Tiarnai láthair na huaire agus choíche!

3. Ó éirí go luí na gréine,go raibh ainm an Tiarna á mholadh!

4. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.

5. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?

6. Cromann sé ó na harda anuaschun féachaint ar neamh agus ar talamh.

7. Tógann sé an t‑íseal aníos as an deannach;ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,

Salm 113