Salm 107:23-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Sheol cuid acu an mhuir i loingeas;a thrádáil ar an aigéan imleathan,

24. mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna,agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige.

25. Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa,agus thóg sé mórthonnta na mara.

26. Suas go haer leo agus síos leo go grinneall,gur theip ar a meanma ina n‑anbhroid.

27. Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce,mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.

28. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

29. Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann;agus chuir tonnta na mara ina dtost.

30. Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais;agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.

31. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

32. Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail;déanaidís a mhóradh i seanad na sean.

33. Rinne sé fásach de shruthanna;talamh tirim de thoibreacha uisce;

34. riasca salainn de thalamh torthúilmar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.

35. Agus rinne sé locha uisce den fhásach;toibreacha uisce den talamh tur tirim.

36. Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann;agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe.

37. Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna;agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.

Salm 107