Salm 106:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Níor thug ár n‑aithreacha san Éigiptaon aird ar bith ar d'éachtaí.Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.

8. Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,d'fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.

9. Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.

10. Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.

11. D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.

12. Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.

13. Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.

14. Ligeadar srian lena mianta san fhásach;chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.

15. Lig sé a n‑achainí leo;ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.

16. Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.

17. D'oscail an talamh agus shlog sé Dátán,agus d'fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.

18. Fadaíodh tine i measc a mbuíne;agus loisc na lasracha na meirligh.

Salm 106